Government of Ireland
Regional Skills

We've moved to gov.ie/regionalskills

Please update your bookmarks and links

Scileanna Réigiúnacha

Comhpháirtíocht le haghaidh Scileanna

Leis an Líonra nua Fóram Réigiúnach Scileanna atá á chruthú mar chuid de Straitéis Náisiúnta Scileanna an Rialtais cuirtear deis ar fáil d’fhostóirí agus don chóras oideachais agus oiliúna chun oibriú i gcomhar le chéile chun freastal ar na riachtanais maidir le scileanna atá ag teacht chun cinn sna réigiúin acu. Cuirfear feabhas ar na torthaí a bheas ann i gcomhair na bhfoghlaimeoirí, agus tacófar le forbairt an fhiontair, trí aghaidh a thabhairt i mbealach níos struchtúraí ar an gclár oibre maidir le scileanna, agus trí obair na bhFóram.  

Cuirfidh na Fóraim na nithe seo a leanas ar fáil:

  • beidh pointe teagmhála amháin ann i ngach réigiún mar chabhair ag fostóirí chun teagmháil a dhéanamh le raon seirbhísí agus tacaíochtaí atá le fáil ar fud an chórais oideachais agus oiliúna
  • beidh faisnéis níos daingne maidir leis an margadh saothair agus anailís ar riachtanais na bhfostóirí mar bhonn eolais faoi fhorbairt na gclár
  • beidh tuilleadh comhoibrithe ann agus úsáidfear acmhainní ar fud an chórais oideachais agus oiliúna ar mhaithe le feabhas a chur ar na bealaí dul chun cinn ag foghlaimeoirí
  • beidh struchtúr ann lena dtiocfaidh fostóirí chun bheith níos gafa le róil sa bhfostaíocht agus deiseanna acu chun dul ar aghaidh sa ghairm sna hearnálacha acu

Bainisteoirí Réigiúnacha Scileanna

Tá foireann thiomnaithe de na 9 Bainisteoirí ar na Fóraim Réigiúnacha Scileanna curtha ar bun chun bheith mar phríomhphointí teagmhála agus chun bheith ina gceannairí ar obair an Fhóraim i ngach aon réigiún.

Eolas faoi na Fóraim Réigiúnacha Scileanna

Déanfaidh an líonra de 9 bhFóram Réigiúnacha Scileanna na nithe seo a leanas:

Cuirfidh siad struchtúr comhtháite ar fáil i dtreo is go mbeidh fostóirí agus an córas breisoideachais agus ardoideachais ag obair i gcomhar le chéile chun riachtanais scileanna na Réigiún acu a fhreastal.

Beidh siad mar chabhair ag fostóirí chun an raon iomlán seirbhísí atá ar fáil ar fud an chórais oideachais agus oiliúna a thuiscint níos fearr agus rochtain a dhéanamh orthu.

Cuirfidh siad leis na naisc idir soláthraithe oideachais agus oiliúna nuair a bheidh siad ag pleanáil agus ag seachadadh na gclár, laghdóidh siad an macasamhlú, agus beidh siad mar bhonn eolais faoi chinntí náisiúnta maidir le maoiniú.

Táthar ag tabhairt faoi chruthú na bhfóram nua scileanna i gcomhthéacs na béime láidre ar an gclár oibre scileanna atá ina chuid den pholasaí atá ag an Rialtas tacú le téarnamh agus forbairt eacnamaíoch, leis an gcruthú jabanna agus leis an mbeart in aghaidh na dífhostaíochta. Áirítear ar na bearta seo forbairt Ráitis nua ar an bPolasaí maidir le Straitéis Scileanna agus Fiontraíochta suas go dtí 2025 agus foilsiú 8 bPlean Aicsin Réigiúnaigh do Jabanna in 2015. Táthar ag bunú na bhfóram go príomha ar bhonn na 111 rangúchán réigiúnach NUTS d’fhonn ailíniú a dhéanamh le polasaí agus tionscnaimh mhóra an Rialtais maidir leis an bhforbairt réigiúnach eacnamaíoch, ar a n-áirítear na Pleananna Aicsin Réigiúnaigh do Jabanna, agus tá bearta lena bhforáiltear do bhunú na bhfóram Scileanna curtha san áireamh i ngach aon cheann de na Pleananna sin.

Tá monatóireacht agus feidhmiú gach aon Phlean Aicsin Réigiúnaigh do Jabanna á maoirsiú anois ag Coistí Réigiúnacha Feidhmithe atá déanta suas de Chosantóirí na Fiontraíochta as an earnáil phríobháideach sa Réigiún, údaráis áitiúla, na Gníomhaireachtaí Fiontraíochta agus na príomhpháirtithe leasmhara eile, Bainisteoirí na bhFóram Réigiúnach Scileanna san áireamh.

Bainisteoirí na bhFóram Réigiúnach Scileanna i gcomhair na gCoistí Feidhmithe don Phlean Aicsin Réigiúnach do Jabanna:

An tIarthuaisceart: Hilary McPartland    - hilarymcpartland@regionalskills.ie

An tOirthuaisceart: Ray Murphy           - raymurphy@regionalskills.ie     

An tIardheisceart: Siobhan Bradley     - siobhanbradley@regionalskills.ie

An tOirdheisceart: Edmond Connolly  - edmondconnolly@regionalskills.ie

Lár na Tíre: John Costello                 - jcostello@regionalskills.ie

An Lár-Oirthear: Siobhan Keogh       - siobhankeogh@regionalskills.ie

An Lár-Iarthar: Joe Leddin                  - joeleddin@regionalskills.ie

An tIarthar: Denise Rocks                   - deniserocks@regionalskills.ie

Baile Átha Cliath: Natasha Kinsella      - natashakinsella@regionalskills.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An tAonad Pleanála Scileanna agus Teagmhála leis an bhFiontraíocht

Sráid Mhaoilbhríde

Baile Átha Cliath 1 D01 RC96

Éire

353 1 8892008

SPEEU@education.gov.ie

Déan Teagmháil Linn

Bainisteoirí na bhFóram Réigiúnach Scileanna

An tIarthuaisceart       -  Hilary McPartland

An tOirthuaisceart      -  Ray Murphy

An tIardheisceart        -  Siobhan Bradley

An tOirdheisceart       -  Edmond Connolly

Lár na Tíre                     -  John Costello

An Lár-Oirthear           -  Siobhan Keogh

An Lár-Iarthar              -  Joe Leddin

An tIarthar                    -  Denise Rocks

Baile Átha Cliath         -  Natasha Kinsella

An Roinn Oideachais agus Scileanna - Teagmháil

SPEEU@education.gov.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An tAonad Pleanála Scileanna agus Teagmhála leis an bhFiontraíocht

Sráid Mhaoilbhríde

Baile Átha Cliath 1 D01 RC96

Éire

353 1 8892008

SPEEU@education.gov.ie

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna Bhaile Átha Cliath déanta suas de: Natasha Kinsella

Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Náisiúnta na hÉireann, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir, Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire, An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus Skillnets.

ÚFT Éireann, Fiontraíocht Éireann agus An tÚdarás Náisiúnta Míchumais.

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Lár-Oirthir déanta suas de: siobhan keogh

BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, BOO Lú agus na Mí, Ollscoil Má Nuad, Skillnets, Fiontraíocht Éireann, ÚFT Éireann

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna Lár na Tíre déanta suas de ghrúpaí soláthraithe Oideachais agus Oiliúna mar atá: 

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, BOO Laoise agus Uíbh Fhailí, BOO an Longfoirt agus na hIarmhí agus First Polymer Skillnet.

Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le Grúpaí atá ionadaíoch don Tionsclaíocht, ar a n-áirítear: Fiontraíocht Éireann, ÚFT Éireann, Chamber Ireland, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta.

Fáilte go dtí leathanaigh Fhóram Réigiúnach Scileanna an Oirthuaiscirt

Is éard tá i bhFóram Réigiúnach Scileanna an Oirthuaiscirt ná comhpháirtíocht chomhoibríoch idir an Fhiontraíocht, soláthraithe Oideachais & Oiliúna, Gníomhaireachtaí Fiontraíochta, Údaráis Áitiúla, comhlachtaí Rialtais, agus Eagraíochtaí Forbartha Áitiúla, atá ag obair i gcomhar le chéile chun scileanna a chur chun cinn sa réigiún.

Gheobhaidh tú eolas sna leathanaigh seo maidir leis an bhfóram agus le baill an fhóraim, sonraí faoi fhostaíocht, scileanna agus réimsí fáis amach anseo san Oirthuaisceart, mar aon le heolas faoi sheirbhísí an fhóraim agus nuashonruithe faoi nuaíocht agus ócáidí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfóram agus faoi bhaill an fhóraim, cliceáil anseo.

Chun eolas a fháil faoi fhostaíocht, scileanna agus réimsí fáis amach anseo san Oirthuaisceart, cliceáil anseo.

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Lár-Iarthair déanta suas deghrúpaí soláthraithe Oideachais agus Oiliúna mar atá:   

Ollscoil Luimnigh; Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh; Coláiste Mhuire gan Smál; BOO Luimnigh agus an Chláir & BOO Thiobraid Árann; na hOifigí Áitiúla Fiontraíochta i Luimneach, sa Chlár agus i dTiobraid Árann; Skillnets. 

Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le Grúpaí atá ionadaíoch don Tionsclaíocht, ar a n-áirítear:

Fiontraíocht Éireann, ÚFT Éireann, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Chamber of Commerce

Seo blas den sórt Comhoibrithe idir an Fhiontraíocht agus an tOideachas atá sa réigiún seo againne

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Iarthuaiscirt déanta suas de: oran doherty

BOO Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, BOO Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, Coláiste San Aingeal, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Skillnets, Sligo Chamber of Commerce, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, ÚFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, Oifigí Áitiúla Fiontraíochta, CIPD North West, Regional Development Group

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Iardheiscirt déanta suas de: s bradley

Na Comhpháirtithe Oideachais agus Oiliúna: Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, BOO Chorcaí, BOO Chiarraí, Skillnets. Eagraíochtaí Gnó/Fostóirí: Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Cork Chamber, Cork Business Association, ISME, Small Firms Association, Tralee Chamber Alliance, Killarney Chamber of Commerce, Network Cork, Kerry Women's Network

Gníomhaireachtaí /Údaráis Áitiúla: ÚFT, Fiontraíocht Éireann, Oifigí Áitiúla Fiontraíochta, SOLAS, Fáilte Ireland, Comhairlí Cathrach/Contae

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Oirdheiscirt déanta suas de: e connolly

Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, BOO Thiobraid Árann, BOO Phort Láirge agus Loch Garman, BOO Cill Chainnigh agus Cheatharlach, Skillnets, Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh Tiobraid Árann,

ÚFT, Fiontraíocht Éireann, Waterford Chamber of Commerce, Oifigí Áitiúla Fiontraíochta, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Wexford Chamber of Commerce, Terry Flynn Tours, Unum Ireland. 

Tá Fóram Réigiúnach Scileanna an Iarthair déanta suas de ghrúpaí soláthraithe Oideachais agus Oiliúna mar atá: 

BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin, BOO Mhaigh Eo, Oiliúint Skillnets sa réigiún, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Ollscoil Éireann Gaillimh, Oifigí Áitiúla Fiontraíochta, Intreo

Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le Grúpaí atá ionadaíoch don Tionsclaíocht, ar a n-áirítear: ÚFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, Coimisiún Forbartha an Iarthair, Údarás na Gaeltachta, Fáilte Ireland, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gníomhaireachtaí Earcaíochta