Government of Ireland
Regional Skills

We've moved to gov.ie/regionalskills

Please update your bookmarks and links

Lá Pobail- Gnó na Gaeltachta

26 April 2022 

Lá Pobail- Gnó na Gaeltachta

 

Aidhm: Is é aidhm na hócáide seo ná an pobal a chur ar an eolas faoi na réimsí difriúla tacaíochtaí atá ar fáil chun gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht. Beidh an ócáid seo ag díriú ar réimse leathan de ghnóthaí beaga agus ar dhaoine sa phobal a bhfuil smaoineamh gnó acu ach b’fhéidir nach bhfuil an t-eolas cuí acu maidir le cén áit ar féidir leo dul chun tacaíochtaí a fháil.

Eolas: Tá ócáid don phobal á reáchtáil ag Nua na Mara (I gcomhar le Forbairt Chonamara Láir Teo.,) ar an 26ú Bealtaine ag díriú ar thacaíochtaí gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht. Beidh aoichainteoirí againn ar an lá ag déanamh cur i láthair uair an chloig bunaithe ar na tacaíochtaí, maoiniú agus oiliúint atá ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh gnó a thosú nó a bhfuil gnó acu cheana féin. Beidh deis ag na rannpháirtithe labhairt leis na aoichainteoirí agus na hionadaithe roimh agus tar éis na gcur i láthair. Beidh an ócáid seo ar fáil ar líne chomh maith dóibh siúd nach bhfuil in ann a bheith i láthair.

Bígí linn ar an lá- ar líne nó I láthair san ionad! 

https://www.eventbrite.ie/e/la-pobail-gno-na-gaeltachta-tickets-327134406817

Áit: Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna & ar líne

Am: 26/05/22 10.00r.n. - 12.00i.n.; Cur i láthair: 10.30r.n. -11.30r.n.

MC:  Mícheál Ó hEanaigh

Ionadaí ar an lá: Beidh ionadaí ó réimsí difriúla seirbhísí agus eagrais phoiblí i láthair ag an ionad chun deis líonraithe agus breis eolais a bhailiú. Beidh an té seo i leanas againn:

AIB an Chlocháin- foinsí airgeadais agus seirbhísí gnó 

Pleanáil Teanga Chonamara Láir- ag tacú le tograí Gaeltachta

GRETB- traenáil agus oiliúint

Comhar Creidmheasa Chonamara- Maoiniú do ghnóthaí Gaeltachta

Glór na nGael- Tacaíochtaí 

Foras na Gaeilge

Scileanna Réigiúnacha/ Regional Skills- Scileanna gnó/Cúrsaí ábhartha