Government of Ireland
Regional Skills

We've moved to gov.ie/regionalskills

Please update your bookmarks and links

Táirgeoirí bia na Gaeltachta le cumasú

7 March 2022 

Táirgeoirí bia na Gaeltachta le cumasú

Éilimh féideartha na hearnála bia á mheas ag Údarás na Gaeltachta

 

Tá athbhreithniú ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ar earnáil an bhia sa nGaeltacht agus súil ag an eagraíocht plean forbartha a chur le chéile bunaithe ar éilimh na hearnála don todhchaí. Chuige sin, tá próiseas léirithe spéise fógartha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí nó daoine atá ag forbairt táirgí bia nó a bhfuil smaoineamh acu chun gnó bia a bhunú.

Táthar ag súil go dtacóidh na léirithe spéise leis an eagraíocht, faoi chaolach bhranda Ghaeltacht na hÉireann, plean forbartha oiriúnach a ullmhú a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar éileamh na hearnála do spás ullmhaithe bia, déantúsaíochta, tástála, pacáistíochta agus áiseanna eile atá de dhíth chun taighde agus nuálaíocht san earnáil a chumasú.

 

Tá cáil dhomhanda ar ardchaighdeán táirgí bia agus deoch na Gaeltachta agus gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nós Gradaim Bhlas na Éireann, World Cheese Awards agus World Spirits Awards faighte ag cuid de na táirgí. Tá aithne fhorleathan ar fheabhas na dtáirgí Gaeltachta ar fud an domhain ina measc subh Fholláin agus Macroom Buffalo Cheese as Múscraí, Dingle Gin as Ciarraí, Oisrí Harty agus Mheitheal Trá na Rinne as Port Láirge, Salann Mara Acla i nGaeltacht Mhaigh Eo, Cáis Gabhair Árann nó anlainn an Bhuilín Blasta nó bradáin Chill Chiaráin Éisc i gConamara agus uisce beatha Shliabh Liag agus Chroithlí i nGaeltacht Dhún na nGall. 

 

Tá díol náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na táirgí seo chomh maith rud a léiríonn an barr feabhais atá bainte amach sa réimse seo ag comhlachtaí bia na Gaeltachta.

 

Creideann Údarás na Gaeltachta gur féidir tógáil air seo agus cuidiú le daoine aonair agus comhlachtaí beaga agus móra tabhairt faoi fhorbairtí breise san earnáil seo. Ceann de na dúshláin is mó atá roimh chomhlachtaí táirgthe bia ná spás a aimsiú atá oiriúnach do phróiseáil bia agus iad a bheith feistithe amach chun rialacha reachtúla a chomhlíonadh. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh measúnú ar an bhféidearthacht moil bia a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta is mó éilimh dóibh chun timpeallacht thacúil a chur ar fáil inar féidir le gnólachtaí nua agus reatha a gcuid smaointe gnó in earnáil an bhia a thráchtálú.

 

Ag labhairt faoin léiriú spéise dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Mícheál Ó hÉanaigh:

“Le blianta fada anuas tá sé cruthaithe ag comhlachtaí bia agus deoch na Gaeltachta go bhfuil caighdeán ag a gcuid táirgí.  Tá an tÚdarás ag iarraidh an deis a thapú tacú le daoine a bhfuil smaoineamh acu gnó bia a bhunú nó dreamanna eile a bhfuil deacrachtaí áiseanna acu atá ag iarraidh dul chun cinn.  Rachaidh a leithéid de thogra mar mhoil bia chun leasa na bhfiontar seo agus an ceantar ina bhfuil sé lonnaithe, ag cur borradh faoi chúrsaí tráchtála agus sóisialta sa gceantar.”

 

Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na moil bhia seo maidir le fostaíocht a spreagadh, líon na bhfiontar beag agus meánmhéide a mhéadú, breis infheistíochta a mhealladh chuig an earnáil agus chuig an réigiún agus líon na n-earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil sa gceantar a mhéadú chomh maith.

Is féidir foirm Léirithe Spéise a fháil anseo agus a sheoladh ar ais roimh an 1ú Aibreán 2022: Expression of Interest to develop a Food Hub in the Gaeltacht | Food & Drink | Case Studies | Business | Údarás na Gaeltachta (udaras.ie)

 

 

Empowering Gaeltacht food producers

Údarás na Gaeltachta to assess future requirements of the food sector

 

Údarás na Gaeltachta is undertaking a review of the food sector in the Gaeltacht and looking to prepare a development plan based on the future requirements of the sector. To that end, Údarás has launched an expression of interest process for companies or people who are developing food products or businesses.

It is hoped the expressions of interest will assist the organisation in preparing an appropriate development plan, under the auspices of the Gaeltacht na hÉireann brand, that will be based on sectoral demand for food preparation, manufacturing, testing, packaging and other facilities which are necessary to enable research and development in the sector.

 

Top quality Gaeltacht food and drink products are internationally recognised and have garnered both national and international awards such as the Blas na hÉireann awards, the World Cheese Awards and the World Spirit Awards. Gaeltacht products are highly identifiable and include the likes of Folláin jams and Macroom Buffalo Cheese in Múscraí, Dingle Gin from Kerry, Harty Oysters and Meitheal Trá na Rinne oysters from Waterford, Achill Island Sea Salt from Mayo, Aran Island’s Goat’s Cheese, Builín Blasta sauces or salmon from Cill Chiaráin Éisc in Conamara and whiskey from Sliabh Liag and Croithlí in Donegal. 

 

These products are sold both nationally and internationally and are an indication of the high-quality products being made by food companies in the Gaeltacht.

 

Údarás na Gaeltachta believes it can build on this and support individuals and small and large companies to undertake additional developments in the industry.  One of the biggest challenges for food production businesses is finding premises suitable for the processing of fish and fitting these out to meet legislative requirements. Údarás na Gaeltachta is assessing the potential of developing food hubs in Gaeltacht regions where the demand exists in order to provide a supportive environment in which new and existing business can commercialise their business ideas.

 

Speaking in relation to the expression of interest Mícheál Ó hÉanaigh CEO of Údarás na Gaeltachta said:

“Food and drink companies in the Gaeltachta have, for many years, proven the quality of their products.  Údarás na Gaeltachta wants to seize the opportunity and support people with a food business idea and others who may have difficulties in accessing facilities and who wish to progress their businesses.  An initiative such as a food hub will benefit businesses and the areas in which they are located, boosting the economy and social life in that area.”

 

It is hoped these food hubs will create employment, increase the number of SMEs, attract more investment into the industry and the region and increase demand for goods and services in the area also.

The Expression of Interest form is available here and the submission date is April 1st 2022: Expression of Interest to develop a Food Hub in the Gaeltacht | Food & Drink | Case Studies | Business | Údarás na Gaeltachta (udaras.ie)